www.ráithín.ie

Sraith Shóisearach

junior cycle.png

Tá na hábhair seo a leanas lárnach do gach mac léinn;

Is ábhair roghnacha iad na hábhair seo a leanas a chuirtear ar fáil bunaithe ar rogha an dalta:

Ábhar

Tá nuashonrú déanta ar gach ábhar sa tSraith Shóisearach. Tá sonraíocht ag gach ábhar atá bunaithe ar thorthaí foghlama ar féidir leis an múinteoir iad a chur in oiriúint do spéiseanna agus do chumas an dalta, féach www.jct.ie

Cuimseoidh formhór na n-ábhar scrúdú scríofa ag deireadh na tríú bliana a mhairfidh suas le dhá uair an chloig, seachas na hAmharcealaíona (Ealaín). Athraíodh na tuairisceoirí grád a úsáidtear le haghaidh ábhar freisin.

Bainfear úsáid as na tuairisceoirí seo a leanas anois:

Céatadán Tuairisceoir Grád
≥ 90 go 100 Gradam
≥75 agus < 90 Ardtuillteanas
≥ 55 agus < 75 Tuillteanas
≥ 40 agus < 55 Gnóthaithe
≥ 20 agus < 40 Gnóthaithe go páirteach
≥ 0 agus < 20 Neamhghrádaithe

Ina theannta sin, déanfaidh mic léinn dhá mheasúnú rangbhunaithe i ngach ábhar, go hiondúil ceann sa dara bliain agus ceann sa tríú bliain. Beidh na tuairisceoirí gráid don mheasúnú rang-bhunaithe seo le feiceáil freisin ar PGSS gach mac léinn agus seo a leanas iad:

  • Thar barr
  • Os cionn na n-ionchas
  • Ag teacht leis na hionchais
  • Níor chomhlíon na hioncais go fóill
  • Gan tuairisc (nuair nach gcuireann mac léinn píosa oibre isteach)

Aidhmeanna na Sraithe Sóisearaí:

  • In oideachas na sraithe sóisearaí cuirtear an scoláire ag croílár an eispéiris oideachasúil, á chumasú le páirt ghníomhach a ghlacadh ina phobal féin agus sa tsochaí, agus á chumasú freisin le tabhairt faoin bhfoghlaim go seiftiúil agus go muiníneach i ngach gné agus ag gach céim dá shaol.
  • Tá an tsraith shóisearach uileghabhálach i dtaca le gach scoláire. Sa tsraith shóisearach cuirtear le comhionannas deise, rannpháirtíochta agus torthaí do chách. Sa tsraith shóisearach cuirtear nasc níos fearr leis an bhfoghlaim ar fáil don scoláire mar go ndírítear ar chaighdeán na foghlama.
  • Déantar eispéiris a sholáthar don scoláire atá mealltach agus taitneamhach, agus bainteach lena shaol. Eispéiris d’ardchaighdeán iad seo: cuireann siad go díreach le folláine fhisiciúil, mheabhrach agus shóisialta an fhoghlaimeora; agus, de réir mar is féidir, cuirtear deiseanna ar fáil le hinniúlachtaí agus le buanna an fhoghlaimeora a fhorbairt maidir le cruthaitheacht, nuálaíocht agus fiontar.
  • Tógtar i gclár na sraithe sóisearaí ar a bhfuil foghlamtha ag an scoláire cheana agus tugtar tacaíocht dá chur chun cinn; agus tacaítear leis chun na scileanna foghlama a fhorbairt a chabhróidh leis tabhairt faoi dhúshláin an tsaoil lasmuigh den scoil.

Beidh an fhoghlaim sa tsraith shóisearach faoi thionchar:

  • Ocht bprionsabal atá mar bhonn leis an Creat don tSraith Shóisearach ina iomláine.
  • Ceithre ráiteas foghlama is fiche atá mar chroílár don phleanáil do, d’éispéireas na scoláirí ar, agus don mheastóireacht ar chlár na scoile don tsraith shóisearach.
  • JC-Key-Skills-2-white-background.jpgOcht bpríomhscil atá de dhíth ar gach scoláire don fhoghlam rathúil.

Cruthaíonn na prionsabail, ráitis foghlama agus príomhscileanna struchtúr do scoileanna chun a gclár don tsraith shóisearach a dhearadh. Treoir thábhachtach iad seo do scoláirí agus do thuismitheoirí/chaomhnóirí i leith na n-ionchas a bheidh acu maidir leis an tSraith Shóisearach. Déanfaidh siad plé a éascú agus a threorú freisin ar an gcineál cláir is féidir le scoil a sholáthar.

Már 25
2024
Saoire na Cásca
Bealt 06
2024
Scoil Dúnta
Bealt 20
2024
Scrúduithe Tí
Bealt 21
2024
Gradam B4
Bóthar Bhaile Átha Cliath, Bré, Co. Chill Mhantáin.
01 2865180
Location
© 2024 www.ráithín.ie