www.ráithín.ie

Bord Bainistíochta

Tá sainchúram soiléir ar bhord bainistíochta i scoil BOO (Bord Oideachais agus Oiliúna) an scoil sin a bhainistiú thar ceann an BOO de réir na reachtaíochta; ciorclán, treoirlínte agus nósanna imeachta ón Roinn Oideachais agus Scoileanna (an Roinn); agus aon bheartas nó straitéisí a d’fhéadfadh an BOO a leagan síos maidir le feidhmiú na scoileanna atá faoina chúram.

Ról rialachais is ea an príomhról atá ag bord bainistíochta. Is éard atá i gceist leis an rialachas ná treoir agus maoirseacht a sholáthar do scoil agus a chinntiú, ag an am céanna, go dtacaítear le cearta gach aon duine i bpobal na scoile agus go bhfuil an scoil freagrach as a cuid oibre. Is féidir feidhmeanna boird a aicmiú faoi thrí cheannteideal éagsúla go príomha:

  • Ceapadh beartas agus pleanáil straitéiseach
  • Monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beartas, straitéisí agus pleananna
  • Tacú leis an bpríomhoide agus le foireann na scoile

Feidhmeanna agus Freaghrachtaí an Bhoird Bainistíochta

Ainm:

Bord Bainistíochta Choláiste Ráithín 2019-2024

Rory McGarry (Cathaoirleach)

Ainmní an BOOCDCM

Cllr Anne Ferris

Ainmní an BOOCDCM

Aine Breathnach

Ainmní an BOOCDCM

Joanne McDonagh

Ainmní an Phobail

Liz Dodd

Ainmní na Tuismitheoirí

Rónán Ó Briain

Ainmní na Tuismitheoirí

Sarah Uí Dhuinn

Ainmní na Múinteoirí

Michelle De Bhailís

Ainmní na Múinteoirí

Déaglán Ó Laoire

Rúnaí

Lún 23
2024
Gach Dalta Ar Ais
Lún 23
2024
Scoil Oscailte Arís
M.Fómh 27
2024
Lá Traenála-Scoil Dúnta
M.Fómh 30
2024
Scoil Dúnta
Bóthar Bhaile Átha Cliath, Bré, Co. Chill Mhantáin.
01 2865180
Location
© 2024 www.ráithín.ie