Nuachtlitir na Nollag
- Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil príomhoide tánaisteach nua againn: Michelle de Bhailís. We are delighted to announce our new Deputy Principal: Michelle de Bhailís.
- Is í Siobhán an DIA/DLP le haghaidh cosaint leanaí anois agus is í Michelle an LDIA/DDLP. The DIA/DLP for child protection is now Siobhán, and Michelle is the LDIA/DDLP.
- Beidh Ceolchoirm na Nollag ar siúl Dé Máirt an 16ú Nollaig ó 7-9 i.n. – fáilte mhór roimh chách! Beidh Cairde Ráithín ag reáchtáil crannchur an oíche sin. Buíochas ó chroí le Rónán & Cairde Ráithín as a gcuid oibre agus tacaíochta chun an ceolchoirm a eagrú. Our Christmas Concert will take place on Tuesday 16th December from 7-9 pm – everyone is warmly welcome! Cairde Ráithín will also be running a raffle that evening. A heartfelt thank you to Rónán & Cairde Ráithín for their work and support in helping organise the concert.
- Tá foireann cailíní faoi 19 sa chispheil anois sa chraobh (ar siúl i bPort Láirge, Déardaoin 11/12). Guímid gach rath orthu agus ar a gcuid traenálaithe iontacha, Shauna & Seán. Our under‑19 girls’ basketball team have reached the final (taking place in Waterford on Thursday 11/12). We wish them and their fantastic coaches Shauna & Seán the very best of luck.
- Beidh Seachtain Bí Cinealta ar siúl an tseachtain seo chugainn, ag cur béime ar éiteas na scoile – cúram, comhionannas, pobal, barrfeabhais san oideachas & meas. Beidh go leor imeachtaí eagraithe ag múinteoirí, comhairleoirí ranga & ceannairí bliana. Bí Cinealta Week will take place next week, celebrating the school’s ethos. Lots of fun activities will be organised by teachers, comhairleoirí ranga & ceannairí bliana.
Guímid Nollaig shona agus síochánta ar gach duine. We wish everyone a joyful and peaceful Christmas.