www.ráithín.ie

Coiste Teach Pieta

amber flag pieta logo.png

Cuireann tionscnamh Brat Ómra Pieta ar chumas scoileanna agus grúpaí óige ar fud na tíre feasacht a ardú ar na stiogmaí atá ann ina dtimpeallachtaí, agus ar na strusanna ar fholláine mheabhrach agus mhothúchánach na ndaoine laistigh dóibh.

Le strus scrúduithe, piarbhrúnna agus bulaíocht, is féidir le am scoile a bheith ina tréimhse dheacair a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar leas meabhrach ár bpáistí.

Tionscnamh meabhairshláinte is ea an Bhratach Ómra atá deartha chun cabhrú le scoileanna agus le clubanna meabhairshláinte dhearfacht a chur chun cinn laistigh den chóras oideachais.

Is iad na trí phríomhsprioc don Bhratach Ómra ná :

1) Meabhairshláinte agus folláine do chách a chur chun cinn.

2) Fadhbanna meabhairshláinte a chosc trí fheasacht mhéadaithe, tacaíocht shóisialta, fachtóirí riosca ar nós ciníochas, bulaíocht agus leithlisiú a laghdú.

3) Cáilíocht beatha na mac léinn a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu a fheabhsú trí théarnamh a chur chun cinn trí fheasacht agus oideachas.

P1370906.JPG

D'eagraigh an Coiste Teach Pieta Bróga Cróga Dé hAoine, 7ú Deireadh Fómhair agus chonaiceamar bróga iontacha agus cruthaitheacht den scoth óna mic léinn ar fad! An aidhm atá le Bróga Cróga ná chun d'fheasacht féin agus feasacht daoine eile ar mheabhairshláinte daoine óg i do scoil agus i do phobal a fheabhsú.

Bróga Cróga 2022.jpgP1370942.JPG

Comhghairdeachas leis na buaiteoirí an comórtas🎉🎉🎉

Bhailigh pobal Coláiste Ráithín agus Coiste Teach Pieta €250 ar son Teach Pieta 👏 maith sibh ar fad 👏

Már 25
2024
Saoire na Cásca
Bealt 06
2024
Scoil Dúnta
Bealt 20
2024
Scrúduithe Tí
Bealt 21
2024
Gradam B4
Bóthar Bhaile Átha Cliath, Bré, Co. Chill Mhantáin.
01 2865180
Location
© 2024 www.ráithín.ie